Amhrán RnaG – An tAmhrán is Ansa Linn

RTÉ RnaG & RTÉ CO

Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ chun ceolchoirm mhór a chur ar stáitse i nGort an Choirce ar an 7ú Deireadh Fómhair

Liosta de na 40 Amhrán is Ansa leis na Gaeil fógartha ar Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí

Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ ceolchoirm speisialta ar stáitse a dhéanann ceiliúradh ar na hamhráin is ansa leis na Gaeil, amhráin a mhol an lucht éisteachta sa bhfeachtas #AmhránRnaG ar an gclár Cóisir Cheoil.

Is i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort a’ Choirce i nGaeltacht Dhún na nGall a bheidh an ceolchoirm ar an gCéadaoin, an 7ú Deireadh Fómhair 2026. Beidh an ócáid seo mar chuid de chomóradh céad bliain RTÉ, ar an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn, agus ceann de na himeachtaí atá luaite le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Craoladh eagrán speisialta den Chóisir Cheoil le Ceolfhoireann Coirme RTÉ beo ó Stiúideo a hAon i nDomhnach Broc inné, áit ar fhógair Dónall Mac Ruairí an cheolchoirm agus an liosta ó 10 – 1 de na 40 amhrán is ansa leis na Gaeil.

Chun blaiseadh a thabhairt don méid a bheidh le cloisteáil ag an gceolchoirm mhór i mí Dheireadh Fómhair, chan cuid de na ceoltóirí óga is cumasaí sa tír trí amhrán ón liosta beo ar an gclár, in éineacht leis an gCeolfhoireann. Bhí an lucht féachana faoi gheasa ag Méabh Ní Bheaglaoich, a chan leagan thar a bheith tochtmhar de Bruach na Carraige Báine, in ómós dá hathair, Séamus Ó Beaglaoich. Chan deirfiúracha ceolmhara Ráth Chairn, Máire agus Étáin Ní Churraoin leagan álainn d’Óró Sé do Bheatha ‘Bhaile, agus chan Piaras Ó Lorcáin as Ard Mhacha an seanamhrán cáiliúil as Oirialla Seán Gabha.

Reachtáladh feachtas Amhrán RnaG – An tAmhrán is Ansa Linn ar Cóisir Cheoil le mí anuas, agus tugadh cuireadh d’éisteoirí an t-amhrán is anseo leo a sheoladh isteach. Rinne painéal moltóirí ó chuile chearn den tír, ar saineolaithe ar an gceol Gaelach iad, scagadh ar na céadta moltaí, agus tar éis go leor scagadh agus plé, roghnaíodh na hamhráin trí chóras márcála neamhchlaonta.

Ba iad Síle Denvir, Colm Mac Con Iomaire, Fiachna Ó Braonáin, Áine Hensey, Aoife Ní Fhearraigh, Ciarán Ó Gealbháin agus Neansaí Ní Choisdealbha a bhí ar an bpainéal moltóireachta.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: “Tá amhráin agus amhránaithe le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó bunaíodh an stáisiún i 1972, agus sin é fuaim rian na Gaeltachta agus na Gaeilge.  Sa tionscnamh fíorspeisialta seo, tá muid ag iarraidh aird a tharraingt ar an hamhráin agus na hamhránaithe sin, ar an saibhreas atá againn mar phobal, ceiliúradh a dhéanamh ar an tallann atá inár measc agus comóradh a dhéanamh orthu siúd nach bhfuil linn níos mó ach a bhfuil lorg fágtha acu ar an gceol agus ar na daoine.

Mar chuid de chomóradh RTÉ 100, tá deis faighte ag an bpobal sa mbaile agus thar lear na hamhráin is ansa leo a mholadh. Le cúnamh ó na moltóirí a rinne scagadh ar na moltaí, leis na hamhránaithe agus ceoltóirí agus le Ceolfhoireann RTÉ, tabharfaidh an cheolchoirm speisialta seo an deis dúinn na hamhráin seo a cheiliúradh arís”

Tá na ticéid don cheolchoirm Amhrán RnaG – An tAmhrán is Ansa Linn ar díol anois ag an nasc seo.

Éist le Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí gach Luan go Déardaoin ó 3-5i.n. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is féidir éisteacht siar le clár an lae inné le Ceolfhoireann Coirme RTÉ anseo, nó ar sheinnteoir Raidió RTÉ.